Thursday 26 February 2015

Ollchruinniú 7 Márta




Beidh Ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge Dé Sathairn 7 Márta, 11.00-15.30 san Amharclann,  Institiúid na hÉireann, Teach an Phiarsaigh, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2
Tá dréachtaí ón Choiste Stiúrtha le dul os comhair an chruinnithe le leasú nó le glacadh leo trí vótáil agus tá oifigigh agus Coiste Stiúrtha 2015 le toghadh (Coiste Stiúrtha sealadach a toghadh an an ollchruinniú i mí Eanáir). Iarrtar ar scríbhneoirí na cáipéisí  a scrúdú roimh ré agus má tá leasuithe le moladh iad a bheith réidh agaibh chun cabhrú le héifeacht an chruinnithe. 
Muna bhfuil tú ar liosta ríomhphoist an Aontais fós, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar gaelscríobh@gmail.com agus cuirfear cóip de na cáipéisí chugat in am tráth.
Má tá daoine sásta glacadh le hainmniúchán nó seasamh don choiste ach gan a bheith in ann freastal ar an chruinniú, cuirtear sin in iúil dúinn i scríbhinn, le do thoil, ag an ríomhphost luaite cheana, gaelscríobh@gmail.com 

N.B.
De bharr gur gá do dhuine bheith ag príomh-dhoras Theach an Phiarsaigh chun daoine a scaoileadh isteach chuig an Amharclann ar chúl an tí, iarrtar ar dhaoine a bheith i láthair in am. Is féidir casadh le chéile sa Trinity Inn Hotel béal dorais má thagann tú móran roimh am. Mar a cheile tar éis an tsosa don lón.
Tá súil againn go mbeidh ar do chumas a bheith ann chun páirt a ghlacadh sa phlé agus a bheith ar ais linn, i ndiaidh béile a chaitheamh, san Amharclann don ócáid liteartha agus cheoil atá á reachtáil ag Imram, 18.00-20.00 agus d'fháiltiú fíona.

Wednesday 18 February 2015

Comórtas Filíochta Bhéal na mBuillí



Spriocdháta Chomórtas Bhéal na mBuillí ag teacht  - 27 Feabhra 2015 - tuilleadh eolais ANSEO

Mionsonraí mar gheall ar iarratas a chur isteach ANSEO


Tuesday 10 February 2015

Cruinniú, 7 Márta 2015




Tá obair Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag dul ar aghaidh ón uair a bhí an chéad chruinniú againn in Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir. Bunaithe ar an phlé agus an tuairimíocht a tháinig chun tosaigh an lá sin, tá baill den Choiste Stiúrtha tosnaithe ar shraith de cháipéisí polasaí a dhréachtadh le cur os comhair na mball ag an chéad ollchruinniú eile ar 7 Márta . Beidh an teacht le chéile sin i dTeach na bPiarsach, Sráid an Phiarsaigh (11.00-15.00) agus beidh fáilte roimh gach duine a bheith páirteach in imeachtaí an lae.

Ar brath ar an díospóireacht an lá sin, beidh snas a chur ar na dréacht-pholasaithe sin agus cáipéisí agus aighneachtaí á leasú dá réir le bunús a chur faoinár gcomhráití leis na hinstitiúidi agus eagraíochtaí eile atá ag plé le saol na scríbhneoireacht in Éirinn.

Ina dhiaidh sin beidh  cruinniú á lorg againn le Foras na Gaeilge agus le RTÉ mar thús, féachaint cad is  féidir linn a bhaint amach idir seo agus deireadh na bliana. Iarrtar ar na baill macnamh a dhéanamh ar chuid de na téamaí atá le bheith faoi chaibidil ag an ollchruinniú agus beidh muid in ann ár gcomhairleacha a chur i gcionn a chéíle.

Eolas ó: gaelscriobh@gmail.com






Friday 6 February 2015

Deiseanna agus Duaiseanna



Sparánachtaí agus coimisiúin


An Chomhairle Ealaíon (26 Contae)

Ainm agus cuspóir Dámhachtain Litríochta

Is é cuspóir na dámhachtana tacú le healaíontóirí gairmiúla a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tugtar am agus acmhainní leis an dámhachtain d’ealaíontóirí smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena gcleachtas ealaíne.

Luach Uasmhéid  €15,000

Spriocdháta I dtreo dheireadh mhí Eanáir, de ghnáth.

Eolas www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Damhachtain-sparanachta-litriochta 


An Chomhairle Ealaíon (6 Chontae)

Ainm agus cuspóir Clár Tacaíochta don Ealaíontóir Aonair

Déantar roinnt scéimeanna a riar faoi scáth an Chláir Tacaíochta. Ina measc tá:

Dámhachtainí Ginearálta. Chun tionscadal faoi leith a chur i gcrích. Uasmhéid £1,500.

Scéim Forbairt Ghairmiúil. I gcomhair traenála agus meantóireachta. Uasmhéid £5,000.

Mórdhámhachtain d’Ealaíontóir Aonair. A thugann deis d’ealaíontóirí díriú ar shaothar a chur i gcrích. £15,000.

Dámhachtainí Taistil. Costais taistil ag brath ar an cheann scríbe.

Níl na scéimeanna teoranta do scríbhneoirí a chónaíonn sna 6 Chontae. Déantar iarratais a mheas ó scríbhneoirí 'who have made a contribution to artistic activities in Northern Ireland for a minimum period of one year within the last five years. ... The Arts Council also works with organisations in the Republic of Ireland to ensure opportunities for writers island-wide'.

Eolas www.artscouncil-ni.org




Comórtais scríbhneoireachta Gaeilge


Comórtais an Oireachtais

Seánraí Ilchineálach: prós, filíocht, ficsean don aos óg agus d’fhoghlaimeoirí, dráma stáitse, raidió agus teilifíse, agus eile.

Táillí iontrála €15–€20

Duaiseanna Raon leathan ó €3,000 (úrscéal) go €200.

Spriocdháta 1 Iúil

Eolas www.antoireachtas.ie/comortas-liteartha.php 

Ní dhéantar an t-eolas ar an suíomh a athnuachan ach go fíorannamh.


Féile Filíochta Bhéal Átha na mBuillí

Seánra   Dán, gan a bheith níos faide ná 70 líne.

Táille iontrála    Níl táille iontrála ann.

Duais An chéad duais: €1,500. Dara duais: €500. Tríú duais: €300. Duaiseanna €100 do thriúr eile.

Iarrtar ar bhuaiteoirí a gcuid dánta a léamh le linn na Féile.

Spriocdháta Deireadh Feabhra, de ghnáth.

Eolas Féach ‘Duais Filíochta Dhúghlas de Híde’

 http://www.strokestownpoetry.org 


Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail

Seánra Dán faoi bhun 70 líne.

Táille iontrála €10 ar gach iontráil (+ €3 breise as dán a chur chucu ar líne).

Duais €1,200

Spriocdháta Tús mhí an Mhárta, de ghnáth.

Eolas Féach ‘Duais Fhoras na Gaeilge’

 http://writersweek.ie/competition





Duais léirmheastóireachta ‘Nua-Ealaín’

Spriocdháta Samhain/Nollaig sna comórtais go dtí seo.

Seánra Léirmheas 400 ar thaispeántas nua-ealaíne.

Táille iontrála Níl aon táille le híoc.

Duais Céad duais €150. Dara duais €50.

Eolas https://nuaealain.wordpress.com 




Comórtais scríbhneoireachta a ghlacann le hábhair Ghaeilge


Cúirt New Writing Prize

Seánra Líon nach mó ná 3 dhán gan dán ar bith acu a bheith níos faide ná 50 líne. Ficsean próis (2,000 focal).

Táille iontrála €10

Duais Duais €500.

Duais €100 i gcás ‘Young Cúirt’, comórtas do scríbhneoirí idir 12–17 mbliana d’aois.

Iarrtar ar bhuaiteoirí a saothar a léamh le linn na Féile.

Spriocdháta Tús mhí Feabhra, de ghnáth.

Eolas www.cuirt.ie 


Francis Mac Manus Short Story Competition 

Seánra Gearrscéal (1,800–2,000 focal).

Táille iontrála Níl aon táille le híoc.

Duaiseanna Níl duaiseanna airgid luaite ar leathanach baile an chomórtais.

Déantar scéal ar an ghearrliosta a chraoladh ar RTÉ Radio 1.

Spriocdháta Glactar le gearrscéalta ó Fheabhra go Bealtaine.

Eolas www.rte.ie/radio1/francis-macmanus-short-story 


Antain Mac Lochlainn

Monday 2 February 2015

Dán d'Éirinn





Am vótála do 'A Poem for Ireland'. Tá dhá dhán ar an ghearrliosta i nGaeilge - 'Fill arís' le Seán Ó Ríordáin agus 'Filleadh ar an gCathair' le hAilbhe Ní Ghearbhuigh.

Am vótála!